Brú Radharc Na Mara

Is iad clann Searraigh atá i mbun Brú Radharc na Mara agus cleachtadh na mblianta acu ag cur lóistín ar fáil do thurasóirí go hOileáin Árann. Tá rogha idir féinfhreastal agus Leaba & Bricfeasta ar fáil sa mBrú.

Tá an Brú lonnaithe ar chiumhais na farraige, iompaithe amach ar an mbá agus ar na hoileáin atá cóngarach dó, agus é lárnach san oileán agus chuile áis i bhfoisceacht siúlóid ghearr dó.

Tá rogha idir lóistín suanleasa nó seomraí príobháideacha sa mBrú. Is idir 4 agus 6 leaba atá sna suanliosanna le nach mbeidh plódú iontu. Tá seomraí en suite príobháideacha dhá leaba, trí leaba agus leapacha dúbailte freisin ann. Cuirtear éadach leapa ar fáil agus bíonn tuáillí ar fáil ar cíos.

Baile Thiar, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.                                                

Fón:  +353 (0)99 75024
Suíomh Gréasáin: www.bruinisoirr.ie

Áiseanna:
Cistin Féinfhreastail
Seomra Suí
Bricfeasta éadrom nó Bricfeasta Iomlán Éireannach ar fáil chuile mhaidin
Cithfholcthaí Te, saor in aisce
Malartú Leabhar saor in aisce
Triomadóir Gruaige/Iarann ar fáil
Turais Oileáin eagraithe

Cártaí a nGlactar leo:
Glactar cártaí creidmheasa.

 

hostel inis oirr

Content © 2024 Comhar Caomhán Teo. Privacy Policy

Web design Ireland Copper Reed Studio