Tigh Ned – Teach Ósta Bia Mara

tigh ned cafe restaurant inis oirr

Teach tábhairne traidisiúnta, le bia mara, tá Tigh Ned buailte ar an gcéibh agus é á rith ag teaghlach áitiúil. Bíonn lón le fáil go laethúil ann le linn shéasúr an tsamhraidh. I measc bia speisialta an lae is minic portán nó gliomach ann, ó iascairí Inis Oírr. Tá Tigh Ned, agus an gairdín beorach atá os a chomhair, iompaithe amach ar an Atlantach, ar Bhá na Gaillimhe agus ar chósta an Chláir, agus diabhal áit níos deise le píosa den tráthnóna a chaitheamh ann.

“Crúba portáin den scoth. Is cuma é caithfidh tú dul ag an teach tábhairne seo san oileán. Tá an lón ann an-mhaith agus níl sé éasca an tráthnóna, le craic is ceol traidisiúnta a ligean as do cheann”. 
Trip Advisor
Le tuilleadh eolais a fháil féach ar tighned.com  nó ar an leathanach Facebook.

Baile Thiar, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fón:  +353 (0)99 75004
R-phost:  tighned@gmail.com
Suíomh Gréasáin:  http://tighned.com

Cártaí a nGlactar leo: 

Visa
Mastercard

WIFI ar fáil:  Tá

Tigh Ruairí

tigh rory pub inis oirr

Cuireann Tigh Ruairí fáilte is fiche roimh thurasóirí a thagann go hInis Oírr.

Tá bia agus deoch sármhaith le fáil sa mbeár agus sa tolglann chomh maith le ceol breá agus pionta den scoth!

  • Cócaráil baile gleoite agus traidisiúnta
  • Bia beáir agus sneaiceanna
  • Feiliúnach do ghrúpaí bainise idir 40 agus 60 duine
  • Déanann dinnéir do ghrúpaí.

Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fón:  +353 (0)99 75002
Suíomh Gréasáin:  www.tighruairi.com

Cártaí a nGlactar leo:
Visa
Mastercard

WIFI ar fáil:  Tá

Óstan Inis Oírr (Óstán/ Beár)

Pubs Inis Oírr

Bíonn bia ar fáil chuile lá sa mbeár mór, idir sneaiceanna éadroma agus dinnéir mhóra. Mura bhfuil uait ach deoch tá pórtar den scoth againn!

Bíonn an bialann oscailte, le lón agus béilí tráthnóna, le linn an phíosa is gnóthaí den séasúr agus dírítear ar bhia mara, nuair is féidir é, agus ar mhiasa de bhéilí maith Éireannacha.

Cuirtear an-fháilte roimh áirithintí grúpa le haghaidh lóin agus dinnéir. Má theastaíonn bia ar leith uait beidh an cócaire breá sásta labhairt leat faoi bhiachlár a fheileann duit.

Atmaisféar iontach le bia agus ceol traidisiúnta na hÉireann sa mbeár.

Baile an Lurgain, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fón:  +353 (0)99 75020
R-phost:  ostaninisoirr@gmail.com
Suíomh Gréasáin:  www.hotelinisoirr.com

WIFI ar fáil: 

Content © 2025 Comhar Caomhán Teo. Privacy Policy

Web design Ireland Copper Reed Studio