Testimonial 2

Chaith an clann s’againne deireadh seachtaine in Inis Oírr mar chuid dár saoire i nDúlainn/Alltracha an Mhóthair agus bhí aiféala orainn nár chaith muid seachtain ann. Thaitin an bád thar cionn leis na gasúir agus na héanacha farraige ar na hAlltracha. Chaitheamar formhór an ama ar ndóigh ar an trá álainn ghlan atá ansin. Go raibh maith agaibh as eachtra iontach.

Testimonial 1

Seo é mo 4ú babhta in Inis Oírr don Scoil Samhraidh bodhráin. Bhí mé ar lóistín sa mbrú agus san óstán agus bhí an péire an-chompordach agus glan. Bhí bia agus deoch fairsing – breathnaíonn na hoileánaigh amach go fíormhaith duit!!! Molaim an t-oileán mar an-áit le fanacht ann ar saoire. Táim ag tnúth le bheith arís ann an bhliain seo chugainn.

Content © 2025 Comhar Caomhán Teo. Privacy Policy

Web design Ireland Copper Reed Studio