Teach an Tae

Aran Cafe Tea Rooms

Bain triail as biachlár traidisiúnta ‘Theach an Tae’ ar Inis Oírr áit a n-úsáidtear comhábhair a fhásann siad féin. Pleanáil do thuras timpeall an oileáin le cupán tae i gcupán poircealláin i lámh amháin agus le scóna te bruite as an mbácús sa lámh eile. Tar againn arís le n-insint dúinn faoi gach a bhfaca tú agus le blaiseadh a fháil de ronnach breá úr agus de rud eicínt deas milis as oidis Mhamó. Tá Clann Uí Dhonncha ag coinneáil le traidisiúin Oileán Árann, ag déanamh bácáil baile, ag fás fataí agus sailéid, ag coinneáil cearca d’uibheacha saor-raoin agus bíonn an bia mara a bhíonn sa séasúr freisin ar fáil. Bíodh cupán tae agat anseo agus tabharfaidh tú cuimhní faoin oileán abhaile leat.

Déantar scónaí úra chuile lá.

“Thángamar trasna ar an áit bheag seo ag deireadh na seachtaine a chaith muid ar an oileán agus bhí aiféala orainn nach bhfacamar é roimhe sin. Ní raibh locht le fáil ar an tseirbhís ná ar an áit a raibh sé lonnaithe agus bhí an bia agus bácáil thar cionn. Scónaí deas te díreach amach as an oigheann, ronnachaí úra, subh a bhí chomh deas gur cheannaíomar a raibh fágtha. “Gnólacht agus bia an-deas á chur ar fáil ag teaghlach…..” Trip Advisor

Aran Café & Tea Rooms, Baile an Lurgain, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fón:  +353 (0)99 75092
R-phost:  cafearan@gmail.com
Suíomh Gréasáin
www.teachantae.com

WIFI Ar Fáil: 

Café an Chaisleán

cafe tea room inis oirr

Baile an Chaisleáin, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fón: +353 (0)99 75983

The Seaweed Café

Tá an Seaweed Café ar an gcnoc ar an mbealach suas go Caisleán Uí Bhriain. Ón gcaife feicfidh tú radharcanna deasa d’Inis Oírr agus den dá Oileán Árann eile, farraigí gorma Bhá na Gaillimhe agus amach uait na Beanna Beola i gConamara.

Tá biachlár iomlán táirgí baile ar fáil sa gcaife teaghlaigh cairdiúil seo, scónaí úra agus cácaí blasta chuile lá, (ina measc arán cúirséad, tá sé go hálainn!). Bíodh gur plaic éasca nó rud eicínt níos mó atá uait gheobhaidh tú é ar an mbiachlár breá seo – anraith baile, arán donn, píotsaí úra, painíní ar stíl Meánmhuireach agus ceapairí te. Bain triail as an rogha breá subh agus as na hanlainn baile.

Cloisfidh tú Gaeilge in Inis Oírr agus bíodh gur cúpla focal atá agat nó gur cainteoir dúchais tú beidh fáilte romhat Gaeilge a labhairt sa gcaife, tá Gaeilge agus Béarla ag an lucht foirne uilig.

Tá cáil dhomhanda ar Oileáin Árann de bharr a dtraidisiún cniotála agus ceardaíocht eile. Beidh deis agat breathnú ar earraí cniotáilte ar taispeáint inár gcúinne ceardaíochta – caipíní, scaifeanna, stocaí & cairdeagain naíonán. Ar díol sa gcaife tá rogha gleoite cártaí lámhdhéanta againn, gallúnach nádúrtha orgánach agus grianghraif den dúlra. 

Tá ranganna cniotála freisin ar fáil sa Seaweed Café. Foghlaim na patrúin agus stíleanna cniotála atá á n-úsáid in Inis Oírr le fada an lá. Déantar ranganna le tosaitheoirí agus le dream atá níos fearr, astu féin nó i ngrúpaí. Má tá suim agat rang a dhéanamh le linn do chuairt ar Inis Oírr fiosraigh faoi ag an Seaweed Café.

Baile an Chaisleáin, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fón: 00353 (0) 879745848

WIFI Ar Fáil: 

Content © 2025 Comhar Caomhán Teo. Privacy Policy

Web design Ireland Copper Reed Studio