The Seaweed Café

Tá an Seaweed Café ar an gcnoc ar an mbealach suas go Caisleán Uí Bhriain. Ón gcaife feicfidh tú radharcanna deasa d’Inis Oírr agus den dá Oileán Árann eile, farraigí gorma Bhá na Gaillimhe agus amach uait na Beanna Beola i gConamara.

Tá biachlár iomlán táirgí baile ar fáil sa gcaife teaghlaigh cairdiúil seo, scónaí úra agus cácaí blasta chuile lá, (ina measc arán cúirséad, tá sé go hálainn!). Bíodh gur plaic éasca nó rud eicínt níos mó atá uait gheobhaidh tú é ar an mbiachlár breá seo – anraith baile, arán donn, píotsaí úra, painíní ar stíl Meánmhuireach agus ceapairí te. Bain triail as an rogha breá subh agus as na hanlainn baile.

Cloisfidh tú Gaeilge in Inis Oírr agus bíodh gur cúpla focal atá agat nó gur cainteoir dúchais tú beidh fáilte romhat Gaeilge a labhairt sa gcaife, tá Gaeilge agus Béarla ag an lucht foirne uilig.

Tá cáil dhomhanda ar Oileáin Árann de bharr a dtraidisiún cniotála agus ceardaíocht eile. Beidh deis agat breathnú ar earraí cniotáilte ar taispeáint inár gcúinne ceardaíochta – caipíní, scaifeanna, stocaí & cairdeagain naíonán. Ar díol sa gcaife tá rogha gleoite cártaí lámhdhéanta againn, gallúnach nádúrtha orgánach agus grianghraif den dúlra. 

Tá ranganna cniotála freisin ar fáil sa Seaweed Café. Foghlaim na patrúin agus stíleanna cniotála atá á n-úsáid in Inis Oírr le fada an lá. Déantar ranganna le tosaitheoirí agus le dream atá níos fearr, astu féin nó i ngrúpaí. Má tá suim agat rang a dhéanamh le linn do chuairt ar Inis Oírr fiosraigh faoi ag an Seaweed Café.

Baile an Chaisleáin, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Fón: 00353 (0) 879745848

WIFI Ar Fáil: 

Content © 2024 Comhar Caomhán Teo. Privacy Policy

Web design Ireland Copper Reed Studio