Más féidir ‘domhan a fheiceáil i ngráinne gainimh’ seans gur féidir domhan a fheiceáil freisin in oileán beag Atlantaigh, nó fiú i súile an chuairteora a bhíonn caidéiseach.
Ní faisean linne a mhaireann in Inis Oírr dul i bhfad scéil ag cur síos ar an saol ar an oileán seo atá teanntaithe idir farraigí lonracha agus spéartha móra, ina leaba sin maireann muid sa draíocht is a mbaineann leis.
B’fhéidir, an mothú miotasach seo atá againn dínn féin, gur comhartha seasta é de shaol atá thart, saol de chiorcail shéasúracha, cuimse scéalta, daon-nósanna, am taoille agus an tsamhlaíocht ollmhór éisteachta sin – fós á sheinm i gceol leantach agus i gcomhrá bríomhar oileáin.
Breathnaíonn sé go labhraíonn an cumasc cultúrtha oileáin seo, cibé cé as ar múnlaíodh é, le chuile ghlúin is é ina mheascán bríomhar idir sean is nua, é á shíorshaibhriú ag dream a thugann cuairt is a chuireann uigeacht nua leis.
Is breá leis na cuairteoirí an suaimhneas, an deismireacht agus cairdeas na ndaoine. Beannaíonn oileánaigh do chuairteoirí le croitheadh den cheann nó crochadh lámh agus bíonn cuairteoirí an-tógtha leis seo. Meallann áilleacht nádúrtha an oileáin na cuairteoirí – ní bhíonn uathu ach dul ag siúl san aer úr agus sa suaimhneas. Is áit ghleoite é ‘le n-éalú ó chuile cheo.’
Bíodh gur suim leat spiorad áite nó nach suim, beidh sé romhat in Inis Oírr ar aon chaoi.
Tabharfaidh Inis Oírr ugach do thréith an ealaíontóra/an taiscéalaí/staraí/grianghrafadóra ionat… áit ar leith gan aon dabht.
–
“Éalaigh go hoileáinín Árannach le rónta, éin is saibhreas staire. Is áit dhraíochtúil é Inis Oírr, an t-oileán is lú méid d’Oileáin Árann. Tá neart staire dá chuid féin aige: láthair adhlactha ón gCré-Umhaois, séipéal ón 10ú haois, long lastais faoi thír sa duirling. Seans gur chuala tú faoin oileán cheana – tá sé le feiceáil ag tús an chláir ‘Father Ted’. Áitín beag é Inis Oírr. Is féidir rothair a thógáil ar cíos is bailiú leat síos is aníos bóithrí is róidíní idir claíocha cloch agus picnic a bheith agat amuigh faoin spéir mhór. Bíonn bláthanna fiáine á dtaispeáint féin, rónta ag déanamh bolg le grian, éanacha ag dul anonn is anall – áit iontach do ghrianghrafadóirí, dream ar breá leo an solas.”
sawdays.co.uk