Is é an t-oileán iontach Inis Oírr in Oileáin Árann ár mbaile. Tá cónaí san oileán Atlantaigh seo le fada, oileán a cheiliúrann a chultúr speisialta ’is a bhealaí nua-aimseartha féin. Tugtar suntas don bhealach oscailte agus cairdiúil atá linn agus síneann ár bhfáilte thar na lonnaí amach is ní fada go dtarrraingítear isteach sa gcuideachta aon dream a thagann ar cuairt.
Saol an Oileáin
Oileán gleoite faoi spéartha móra agus farraigí gléigeal. Meascán bríomhar den sean agus nua atá á shíorshaibhriú ag cuairteoirí.
Sosanna don Teaghlach
An-tóir ag daoine ar ár dtrá gleoite bán le snámh, siúl, spórt uisce nó le ham a chaitheamh ag guairdeall thart ann sna laethanta fada samhraidh.
Radharcanna agus Sciamhacht den Scoth
Téirigh ag rothaíocht nó ag siúl ar na bóithre ciúine agus deasa le go bhfeicfidh tú na háiteacha spéisiúla uilig agus déantúsáin an oileáin charst aolchloiche seo.
Glac scíth agus suaimhneas in Inis Oírr
Is áit iontach é Inis Oírr le cuairt a thabhairt air agus tá rogha iontach lóistín ann idir leaba & bricfeasta, óstán, brú, lóistín féinfhreastail & láthair campála, agus tá seomraí tae, bialanna agus beáir ann.
Ceol, Ealaíon & Ceardaíocht Traidisiúnta
Bíonn togha an cheoil traidisiúnta, cúrsaí ealaíne agus ceardaíochta ar fáil san oileán. Tarraingíonn na seisiúin cheoil rialta agus na damhsaí bríomhara na céadta turasóirí go hInis Oírr
Tá sé furasta a theacht anseo
Seirbhísí báid farantóireachta laethúla as Dúlainn agus as Gaillimh. Tá an t-oileán cóngarach don Bhoireann agus Alltracha an Mhothair le feiceáil go breá soiléir as.