Cleas Crafts
Tá an siopa Cleas Crafts lonnaithe in Áras Éanna. Bíonn sé oscailte Luan go hAoine idir 9r.n. agus 5.30i.n. ar feadh na bliana agus ar na deirí seachtaine sa Samhradh.
www.cleas-teoranta.com R-phost: cleasteo@gmail.com Fón:+353 (0)99 75979
Díoltar táirgí lámhdhéanta in Inis Oírr sa siopa Cleas Crafts, ina measc:
- Crios – beilt sníofa as meascán breá snáthanna daite atá á chaitheamh in Inis Oírr leis na glúnta agus a bhfuil tóir chomh maith na laethanta seo uirthi “leis an tsnaidhm a cheangal” i searmanais phósta
- Curachaí – macasamhail de bháidín traidisiúnta Inis Oírr, tá na curachaí beaga seo múnlaithe mar a dhéantaí i gcónaí iad, agus le fáil i dtrí shaghas difríocht: 55.88cm, 40.64cm agus 30.48cm.
- Rogha maith de chiseáin chruinne sailí, cléibh, crosa Bhríde, sciob, ciseáin siopadóireachta agus rothar, ciseáin do bhláthanna tirime agus luibheanna. Glacann muid orduithe chomh maith.
- Feamainn le n-ithe agus feamainn le síneadh ann, nó mar a thugtar anois orthu glasraí mara, agus feamainn folctha
- Meascán cártaí, grianghraf, leabhar, earraí cniotáilte/fuála/adhmaid le ceardaithe eile as Inis Oírr.
- Glacann muid áirithintí san oifig/siopa do shiúlóidí le grúpaí
- Glacann muid áirithintí san oifig/siopa don tseirbhís áitiúil bus (Síob 087 2298039).
Faoiste Baile Man of Aran
Déanann Eoghan Póil an Faoiste Man of Aran in Inis Oírr. Is iad na hoidis traidisiúnta a bhí á n-úsáid ag na baill teaghlaigh leis na glúnta a úsáideann Eoghan. Tá an seastán faoiste in aice le céibh Inis Oírr agus na trá.
Tá breis is 20 blas difríocht againn, mar sin beidh tú millte ag an rogha! Bain triail as na cinn seo a bhfuil duaiseanna bainte amach acu: Tiger Butter Fudge, Peppermint Chocolate Chip, Strawberries & Cream nó an Baileys Fudge. An-seans go ndéanfaidh tú ar Man of Aran Fudge arís le ruainne eile a fháil.
Eolas faoi uaireanta oscailte agus aon eolas eile breathnaigh ar an leathanach Facebook
McQuilties
I 1992 thosaigh Mary ag déanamh cuilteanna le paistí mar gur iarr a deirfiúr ceann uirthi mar bhronntanas breithlá. Roimhe sin bhí sí tógtha suas le fuáil éadaí naíonán go gúnaí pósta ach mheall an cuilteáil a croí mar gheall ar a mheascán praiticiúlachta, léiriú ealaíonta agus an ceangal le scileanna traidisiúnta mhná Mheiriceá.
Cé gur bronntanais a bhí sna chéad chinn tá Mary á ndéanamh go proifisiúnta le deich mbliana anuas, ag déanamh cuid coimisiúnaithe do chliaint san earnáil chorparáideach agus á ndíol ag gailearaithe réigiúnacha ealaíne/ceardaíochta i Meiriceá. Tá Mary ina cónaí anois in Inis Oírr, an ceann is lú agus is deise d’Oileáin Árann, ar chósta thiar na hÉireann. Glacann Mary orduithe cuilteanna paistí, is cuma cén saghas, dath nó stíl a theastaíonn. Déanann sí cuilteanna speisialta do naíonáin ar a mbíonn fuáil scripte i nGaeilge/Béarla. Breathnaigh ar a leathanach Facebook anseo.
R-phost: Mary@McQuilties.ie
Suíomh Gréasáin: www.mcquilties.ie
Mná Le Chéile (Mná an Oileáin Le Chéile)
Bunaíodh ‘Mná le Chéile’ i 2006 nuair a léirigh seisear ball suim sa gcaoi le cuilteanna déanta as paistí a dhéanamh.Tá an ballraíocht méadaithe ó shin agus suas le scór anois ann. Bíonn taispeántais bhliantúla dá gcuid oibre acu in Áras Éanna in Inis Oírr. Casann an grúpa le chéile chuile sheachtain sa ngeimhreadh agus is imeacht sóisialta agus taitneamhach é do na mná a dtaitníonn cuilteáil leo.
Díolann Mná le Chéile cuilteanna saincheaptha de chuile shaghas chomh maith le hearraí agus oiriúintí eile tí. Le heolas a fháil glaoigh ar +353851699145.
R-phost: mnalecheile@gmail.com
Féach blag: mnalecheile.blogspot.com
Ceardaíocht Adhmaid Nichols
Tá Steve ag obair le hadhmad ó 2001, tráth ar fhág sé an scoil agus 3 bliana déanta i gColáiste Moulton, Northamptonshire, Sasana aige ag staidéar déanamh preasanna agus athchóiriú troscán rud a mhúscail a shuim san adhmadóireacht.
Cúpla bliain ó shin bhog Steve agus a bhean as Sasana chuig an oileán gleoite Inis Oírr (Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe).
Cheannaigh sé a chéad deil i 2009 agus ó shin i leith tá sé ag cur lena cheardlann. Píosaí ar leith a dhéanann Steve bíodh gur vása é, píosa troscáin nó bosca seodra, cibé céard a theastaíonn ón gcustaiméir. Le tuilleadh eolais a fháil faoi obair Steve, faoi na hearraí a dhíolann sé nó le hinspioráid a fháil do bhronntanais breathnaigh ar a leathanach Facebook.
R-phost: nicholswoodcraft@gmail.com
Fón: +353 (0) 831557432
An Ceardshiopa (Craft Shop)
Bíonn an ceardshiopa oscailte sa samhradh ag díol earraí lámhdhéanta lena n-áirítear earraí cniotála Árann agus ceol traidisiúnta Gaelach.
Baile Thiar, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.
Fón: +353 (0)99 75021
R-phost: info@aranwriter.com