Is é an t-oileán iontach Inis Oírr ár mbaile. Tá cónaí san oileán Atlantaigh seo le fada, oileán a cheiliúrann a chultúr speisialta ’is a bhealaí nua-aimseartha féin.
Seo Inis Oírr an lae inniu – i leaba a bheith gearradh amach is amhlaidh atá nasc buan idir muid fhéin is an dream ar fad a thagann chomh fada linn.
Seo é smior shaol an lae inniu an oileáin s’againne – áit ilchultúrtha ina sílfeá chuile cheo a bheith ag athrú ann ach nach léir go n-athraíonn blas. Tugtar suntas don bhealach oscailte agus cairdiúil atá linn agus síneann ár bhfáilte thar na lonnaí amach is ní fada go dtarraingítear isteach sa gcuideachta aon dream a thagann ar cuairt is bíonn siad láithreach i gceartlár na cainte, an chur síos is an spraoi. Leantar den nós ainmneacha clainne a thabhairt ar dhaoine agus beagán a chur leis de réir mar is gá.
Tá an t-oileán 3km ar fhaid agus 2km ar leithead.
Tabhair cuairt orainn, fan tamaillín agus faigh blaiseadh de mhiotaseolaíocht dhúchasach an oileáin, dár ndílseacht don chultúr traidisiúnta agus dár dtírdhreacha ar leith.
Main image ©FailteIreland