Tagraíonn strainséirí go seasta don ní is eisceachtúla faoi Inis Oírr, sé sin chomh háisiúil is atá leagan amach an oileáin ag an gcaoi a bhfuil áiseanna, radharcanna is áiteacha stairiúla chomh cóngarach dá chéile i lár an oileáin
Bíonn radharcanna gleoite, cinn nádúrtha agus cinn stairiúla, amach romhat agus tú ag déanamh ar agus ag teacht i dtír in Inis Oírr. Cé go bhfuil Inis Oírr teanntaithe ag an Atlantach síorathraitheach tá meascán mór áiteacha stairiúla ann – loirg a d’eascair as sraitheanna difríocht na gcultúr daonna a bhí sealanna san oileánín álainn seo de chuid an Atlantaigh Fhiáin.
Is rian iad na réimsí iontacha gnéithe seandálaíochta agus tírdhreacha cultúrtha atá in Inis Oírr de ré shaibhir stairiúil agus réamhstairiúil, agus samplaí ann de dhéantúsáin Chré-Umhaoise, Págánta, Ceilteach, Luath-Chríostaíochta, Normannach-Éireannach, Talmhaíochta, Muirí, Loingseoireachta chomh maith le déantúsáin níos nuaí agus tá teacht ag cuairteoirí orthu seo uilig saor in aisce.
Feilfidh an t-oileán Atlantaigh seo freisin an té a dteastaíonn uathu éalú siar tuilleadh thar ré na staire go saol níos sine is níos réamhstairiúla. San oileán seo le spéartha móra samhlaítear farraigí lonracha ar chuile thaobh agus faoina cosa talamh carstach d’aolchloch seanchaite, seachas an barr ithreach tanaí le claíocha ina thimpeall a d’eascair as talmhaíocht traidisiúnta agus íogair. Tá chuile ní coinnithe íseal in Inis Oírr, sórt meascán nádúrtha idir an tírdhreach nádúrtha agus obair an duine, áit a thugann ardú meanman, ina dtagann talamh is taoille ina chéile mar bheadh in aon rud amháin.
Is breá agus is úrnua an taithí é deis a fháil suí nó siúl ar aolchloch gharbh is leoithne farraige ag guairneáil faoi fhíor na spéire nó lá fada samhraidh a fheiceáil ag géilleadh don chlapsholas sa spéir thiar agus do spéartha gan teorainn na hoíche.
Caithfidh tú breathnú síos íseal freisin agus tú in Inis Oírr, isteach i measc na gcéadta scáineadh sna clocha agus istigh sna buailte beaga, áit a bhfuil clúdach nádúrtha d’éiceachóras fairsing flóra agus fána ó aeráid farraige síorathraitheach. Anseo, áit nach gcleachtar talmhaíocht dhian na linne seo, bíonn meascán cineálacha féir, raithneach agus bláthanna fiáine, agus ainmneacha beagnach chomh spéisiúil lena mbláth orthu agus rangú luibheolaíoch déanta orthu faoina teidil – Dúchosach (Tae Scailpeach), Ceadharlach Bealtaine, Magairlín na mBeach agus Crobh Dearg.
Chuile áit idir an spéir agus an talamh tá éanacha gleoite an oileáin agus an Atlantaigh ag eitilt leo sa ngaoth – i measc na gceanna áitiúla agus séasúracha tá cailleacha dubha, geabhróga Artacha agus pocairí gaoithe.