Bíonn an-tóir ar Inis Oírr mar áit le ceardlanna traidisiúnta, cúrsaí Gaeilge agus ranganna ceardaíochta a dhéanamh ann. Bíonn an-spéis sna ceardlanna le linn an tsamhraidh agus líon na rannpháirtithe ag méadú in aghaidh na bliana.
–
Ag Tógáil Claí Traidisiúnta – Féile na gCloch
Seasann na claíocha cloch amach ar Inis Oírr, tá siad i chuile áit agus iad ina ngné lárnach den tírdhreach. Is gné fíor speisialta i dtírdhreach Inis Oírr iad na claíocha íseal déanta as aolchloch, atá ó dhá cheann an oileáin.
Tá tírdhreach an oileáin seo múnlaithe as aolchloch gharbh, is rud speisialta é, agus rian d’iontas nádúrtha agus geolaíocht carst ar leith.
Nuair a bhíonn na claíocha cloch seo ar chaon taobh an bhóthair tugtar an cuairteoir trí líonra draíochtúil de bhóithre agus róidíní ach nuair a bhíonn siad timpeall ar phíosa talún athraíonn siad an tírdhreach ina phaistí casta de bhuailte mírialta, teoranta ach torthúil – ‘feidín’.
Is toradh tairbheach ar obair chrua na ndaoine iad na claíocha agus tá scil traidisiúnta ar a dtugtar claíocha singil ag baint leo. Bíonn ceardlann tógáil claíocha traidisiúnta againn anseo anois ina bhfeictear scileanna an tsaoir chloiche nasctha le scileanna comhoibrithe agus na ndaoine áitiúla.
Le linn Fhéile na gCloch, le teagasc agus seimineáir ó shaineolaithe, tugtar faoi thógáil claí singil, faoi shnoíodóireacht, greanadh litreacha agus dealbhóireacht chloiche. Bíonn ceardlanna ann ar feadh na bliana rud a thugann deis do na rannpháirtithe oibriú le togha na saor cloiche le scileanna nua agus inaistrithe a fhoghlaim. Ní chaithfidh taithí a bheith agat – díreach díograis agus fonn foghlama a bheith ort le n-oibriú mar chuid de ghrúpa.
Tuilleadh eolais faoi Fhéile na gCloch le fáil anseo.
Teagmháil:
Comhar Chaomhán, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe
Fón: +353 (0)99 75008 R-phost: ccteo@eircom.net
nó
Marie Mannion, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae na Gaillimhe,
Cnoc na Radharc, Gaillimh
Fón: +353 (0)91 509198 R-phost: mmannion@galwaycoco.ie
Cúrsaí Gaeilge
Coláiste LaichtínReachtálann Coláiste Laichtín trí chúrsa Gaeilge le linn an tsamhraidh. Seasann gach cúrsa trí seachtainí agus tugtar deis do na scoláirí nascadh isteach sa bpobal Gaeltachta seo.
Bíonn ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ar fáil freisin ar feadh na bliana, cúrsaí 1-2 seachtain do thosaitheoirí agus do dhaoine a bhíonn ag iarraidh a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú.
Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Óga- Cliceáil anseo do shonraí na gcúrsaí
FEICIM –Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta
Más mian leat Gaeilge a fhoghlaim nó do chuid Gaeilge a fheabhsú tar chomh fada le Gaeltacht Inis Oírr do chlár foghlama spraíúil agus faigh cleachtadh arís ar an teanga álainn bheo seo. Chuile shamhradh cuireann ‘Feicim’ cúrsaí gearra 7 lá agus cúrsaí níos déine 14 lá ar fáil. Tá sé mar sprioc ag an gcúrsa go mbainfidh tú spraoi as an teanga – mar a dúirt duine amháin a rinne an cúrsa “Bhí mé ag foghlaim i ngan fhios dom féin”.
Cuir glaoch ar Bhríd Ní Chualáin: +353 (0) 87 6774751 R-phost: cualain@eircom.net
Cliceáil anseo le sonraí uilig an chúrsa a fháil.
Scoil Shamhraidh Bodhrán
CraiceannBíonn Craiceann, scoil samhraidh cháiliúil na mbodhrán ann go bliantúil agus lena linn cuireann cuid de na seinnteoirí is múinteoirí is fearr sa domhan máistir-ranganna ar fáil go laethúil. Mar chuid de na ranganna bíonn ceardlanna speisialta ann faoin mbodhrán féin mar uirlis agus faoin gceol traidisiúnta Gaelach go ginearálta.
>> Cliceáil anseo leis na sonraí uilig a fháil
Bíonn Craiceann, an scoil samhraidh bodhrán, ar siúl i mí an Mheithimh chuile bhliain. Cúrsa cúig lá a bhíonn ann.
Sciuird Gaeltachta le Cleas:
Is í an Ghaeilge chéad teanga na foirne uilig ag Cleas. Nuair a fheileann sé is breá linn a bheith ag comhrá i nGaeilge leis an dream a dhéanann na siúlóidí, na ciseáin agus na criosanna. Spreagann muid custaiméirí Cleas Crafts freisin lena gcuid Gaeilge a labhairt linn agus roinnt de na nathanna áitiúla a thriail.
www.cleas-teoranta.com +353 (0)99 75979 R-phost: cleasteo@gmail.com
Tabhair faoi Cheardaíocht Oileáin agus Scileanna Traidisiúnta le lucht cónaithe Inis Oírr
Eispéireas Gheansaí Árann
Tar chomh fada lenár dteachín traidisiúnta agus ag suí duit os comhair tine mhóna foghlaim stair, cultúr agus saol oileánda Oileáin Árann, an áit a ndéantar geansaí Árann.
D’fhéadfadh sé nach ligfeá an turas seo ar Oileáin Árann i ndearmad má ghlacann tú páirt in Eispéireas Gheansaí Árann a eagraíonn Úna Mhic Dhonnchadh agus Mairéad Sharry.
I measc na rudaí a bhíonn ar siúl bíonn cainteanna idirghníomhacha le grúpaí, ceardlanna, ranganna agus cúrsaí i gCniotáil Árann agus foghlaimítear freisin faoi stair, cultúr agus saol laethúil na n-oileán.
Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Úna ag 363 (0)68 3813300 nó trí r-phost: fromsheeptoshawl@gmail.com
–
Ciseadóir Árann & Ranganna Ealaíon agus Ceardaíochta
Múineann Mairéad Sharry scileanna traidisiúnta eile ar nós Sníomh agus Dathú olann an Oileáin, fíochán, cróise, Feiltbhrat agus déanamh ciseán!!
Déan rang obair luachra le múinteoir cáilithe ag úsáid luachra áitiúil. Tá rang 2 uair an chloig ar fáil do chuairteoirí samhraidh a bhíonn san oileán. Le linn an tsamhraidh bíonn ranganna ar siúl ag 11r.n. agus 2i.n. Áirítear sa gcostas eolas faoin oileán, teagasc, ábhar, tae /caife agus scóna baile.
Glaoigh ar Mhairéad le sonraí a fháil faoi aon cheann de na ranganna seo +353 (0)87 9229778 /099 75101 nó seol r-phost chuig: fromsheeptoshawl@gmail.com
Eolas úsáideach do na ceardlanna uilig thuas
>> An bealach le dul go hInis Oírr – sonraí báid farantóireachta agus seirbhís aeir