Is é an t-oileán iontach Inis Oírr ár mbaile. Tá cónaí san oileán Atlantaigh seo le fada, oileán a cheiliúrann a chultúr speisialta ’is a bhealaí nua-aimseartha féin. Seo Inis Oírr an lae inniu – i leaba a bheith gearradh amach is amhlaidh atá nasc buan idir muid fhéin is an dream ar fad a thagann chomh fada linn.
Seo é smior shaol an lae inniu an oileáin s’againne – áit ilchultúrtha ina sílfeá chuile cheo a bheith ag athrú ann ach nach léir go n-athraíonn blas.
Tugtar suntas don bhealach oscailte agus cairdiúil atá linn agus síneann ár bhfáilte thar na lonnaí amach is ní fada go dtarraingítear isteach sa gcuideachta aon dream a thagann ar cuairt is bíonn siad láithreach i gceartlár na cainte, an cur síos is an spraoi.