Ní iondúil go mbítear ag cuimhniú in Inis Oírr ar oidhreacht chultúrtha ná an chiall atá leis, cé go mbíonn muid á mhothú is á labhairt chuile lá.
Is cuma an múnlaíonn ár n-oidhreacht oileánda muide nó muide é, is é an bealach a gcomóireann muid é an príomhrud, agus déanann muid amhlaidh go seasta i bhfoirm scéalta, ceol agus ár gcanúint ar leith – seo féiniúlacht pobail macánta agus bríomhar, rud a chothaíonn muid agus a mbaineann muid sult as go leanúnach.
Is oidhreacht shaibhir de theanga labhartha é, bealaí farraige, talmhaíocht éadrom, tuiscint fhileata, ceol agus amhráin, iomaíocht lúthchleasaíochta, fáiltiú roimh thurasóirí agus scileanna praiticiúla – oidhreacht a bhíonn níos bríomhaire fós le linn idirghníomhú cruthaitheach leis an dream uilig a thagann ar cuairt againn.
Aisteach go leor, is nuair a bhíonn muid i mbun comhrá agus caint dheas leo siúd uilig a thagann anseo a dhéanann muid roinnt machnamh fúinn féin.
Ní rud nua é seo mar gur againne a fhágtar mar oidhreacht cultúir nua na ndreamanna a tháinig sa tóir ar an oileán s’againne na cianta ó shin, agus na ndreamanna eile a tháinig riamh anall ó shin.
Tagann athmhúnlú rialta ar an oidhreacht bheo seo atá le fáil i gcuspóirí agus tuairimí agus a léirítear ina iomláine ar deireadh sa méid a dhéanann muid agus a deireann muid – ‘léargas ár n-oileán ar an domhan’ b’fhéidir.