Radharcanna & Sciamhacht
Leagan amach iontach de radharcanna agus d’áilleacht cóngarach dá chéile agus é furasta dul acu, gnéithe seandálaíochta, tírdhreacha cultúrtha,tírdhreach carst, éiceachóras fairsing flóra, fána agus d’éanacha.
Trá & Cladach
Dhá thrá le haitheantas cósta glas, tránna gleoite tuarbhána, is aoibhinn le daoine a bheith ag snámh, ag siúl nó ag tabhairt faoi spórt uisce nó ag caitheamh tamall ag guairdeall thart ar na tránna seo ar laethanta fada samhraidh san oileán.
Ceol & Ceardaíocht
Tá an ceol traidisiúnta gaelach ina chuid thábhachtach, fiú riachtanach, de shaol cultúrtha agus sóisialta an oileáin. I measc ealaíon agus ceardaíocht láimhe an oileáin tá cuilteáil, fíodóireacht, caoladóireacht, siúinéireacht agus filíocht.
Gníomhaíochtaí
Téirigh thart in Inis Oírr de shiúl na gcos nó ar rothar. Bain sásamh as dul ag snámh ar thrá le haitheantas cósta glas, as faire éan nó deilf nó tabhair cuairt ar an gclós spraoi.