Bí i gcónaí ag súil le fuaim ceol bríomhar traidisiúnta in Inis Oírr, is cuid thábhachtach nó b’fhéidir fiú riachtanach de shaol cultúrtha agus sóisialta an oileáin é.
D’fhéadfadh sé tarlú de thuairt, nó mar chomóradh ar laethanta saoire eaglaise, de bharr torthaí áitiúla spóirt, imeachtaí sóisialta agus pobail nó nuair a bhíonn ceoltóirí ar cuairt anseo. Is cuid é de shaol na dtithe ósta in Inis Oírr.
Beag beann ar imirce, ar athruithe móra cultúrtha agus tionchair nua ceoil, is ealaíon bríomhar é seo san oileán – sórt umar de nathanna traidisiúnta nach mbaineann le ré faoi leith. Cé go bhfuil saol nua-aimseartha san oileán bíonn cultúr agus seanchas ón tseanré in aer an oileáin i gcónaí agus é réidh le preabadh amach sna hamhráin, sa gceol agus sa rithim shaibhir áitiúil agus traidisiúnta atá san oileán.
Bíonn ceolchoirmeacha agus taispeántais san Ionad Ealaíon agus Oidhreachta ar feadh na bliana.
Baint sult agus só as ár bhfuaimeanna ceolmhara oileánda.
–
Ceardaíocht
I measc ealaíon agus ceardaíocht láimhe an oileáin tá táirgí cniotála, cuilteáil, fíodóireacht, caoladóireacht, fíochán slata sailí, siúinéireacht agus filíocht.
Cuirtear ceardlanna fíochán slata sailí agus fíodóireacht crios ar fáil ar éileamh.
Fón: +353 (0)99 75979 R-phost: cleasteo@gmail.com
Is inspioráid iad pobal agus oidhreacht an oileáin do chuid mhaith ealaíontóirí a thagann chun na háite.
Cleas
Déanann agus díolann Cleas, cuideachta as Inis Oírr a bunaíodh i 2002, earraí nua-aoiseacha agus traidisiúnta déanta as slata sailí, earraí cniotáilte agus earraí adhmaid ina siopa ceardaíochta ‘Cleas Crafts’ in Áras Éanna.
Tá earraí ceardaíochta dhaoine eile as an oileán á ndíol freisin sa siopa ceardaíochta rud a chinnteoidh go mairfidh scileanna traidisiúnta an oileáin. Tugann Cleas ugach freisin do chuairteoirí tabhairt faoi rud eicínt cruthaitheach agus an deis a thapú a bheith páirteach i gceardlann grúpa agus féirín beag dá gcuid fhéin a dhéanamh. Breis eolais ag: www.cleas-teoranta.com Fón: +353 (0)99 75979 R-phost:cleasteo@gmail.com
Cuilteáil
Mná Le Chéile (Mná an oileáin le chéile)
Bunaíodh ‘Mná le Chéile’ i 2006 nuair a léirigh seisear ball a suim sa gcaoi le cuilteanna déanta as paistí a dhéanamh. Tá an ballraíocht méadaithe ó shin agus suas le scór anois ann. Bíonn taispeántais bhliantúla dá gcuid oibre acu in Áras Éanna in Inis Oírr. Casann an grúpa le chéile chuile sheachtain sa ngeimhreadh agus is imeacht sóisialta agus taitneamhach é do na mná a dtaitníonn cuilteáil leo.
Le linn an tSamhraidh, eagraíonn ‘Mná le Chéile’ ranganna tráthnóna fuála agus cuilteála. Déan rud beag duit féin le tabhairt abhaile leat.
Glaoigh ar +353851699145 le breis eolais a fháil.
R-phost: mnalecheile@gmail.com
Féach blag: mnalecheile.blogspot.ie