Bíonn an deis maidir le bheith ag sú isteach aer breá úr na bhfarraigí móra an-ard ar liosta a bpríomh-ghníomhaíochtaí ag fámairí a thagann go hInis Oírr.
Mura baileach go bhfuil fianaise ann a chruthaíonn an tairbhe don tsláinte a théann le himeachtaí caitheamh aimsire cois farraige, bhuel deir fámairí linne arís is arís go bhfaigheann siad tairbhe, fuinneamh agus ardú meanman as seo.
Ag Siúl in Inis Oírr
Is siúlóidí deas réidh iad siúlóidí Inis Oírr agus iad socraithe le seasamh idir uair an chloig agus trí huaire an chloig ag brath ar an bhfonn a bhíonn ort. Leanann na siúlóidí seo a gcúrsa ar bhóithre is róidíní gleoite idir claíocha aolchloiche agus cosáin cois cladaigh.
Ar do shiúlóid duit gheobhaidh tú ardú croí ón taobh tíre aolchlochach, ón trá álainn faoi ghaineamh gleoite bán, taipéis shaibhir de shaol oileáin agus, amach uait idir tú féin agus an léaslíne, radharcanna iontacha ar na hOileáin Árann eile agus ar an mórthír. Gheobhaidh tú sástacht an choisí a shleamhnaíonn isteach go réidh sa nádúr freisin – gnáthóga d’éanacha fiáine na farraige agus an oileáin, cuimse cladaí, flóra agus fána shaibhir agus móinéir le féara fiáine agus bláthanna neamhchoitianta
– úbshiúlóidí/cosáin lucht siúlóide 8km agus 13km a pleanáladh le Discover Ireland
– Siúlóidí faoi threoir le Cleas
– Siúlóid Aitheanta Mhíle Órga na Gaillimhe ó Bhaile an Fhormna go dtí an Teach Solais.
Siúil Leat! Siúlóidí faoi Threoir
Eagraíonn Cleas siúlóidí faoi threoir ar feadh na bliana. Breathnaítear amach do ghrúpaí móra agus beaga. “Buaicphointe a gcuairte ar Inis Oírr” a deir go leor fámairí faoina siúlóidí seo, a bhíonn á dtreorú ag oileánaigh le cuimse eolas áitiúil. Féach: www.cleas-teoranta.com R-phost: cleasteo@gmail.com Fón: +353(0)9975979
Ag Rothaíocht in Inis Oírr
Is bealach breá é dul ag rothaíocht ar róidíní deasa ciúine Inis Oírr le radharcanna agus déantúsáin uilig an oileáin Atlantaigh Fhiáin seo a fheiceáil. Is bealach maith freisin é le rudaí eile a thógáil isteach, an timpeallacht bhríomhar, boladh na mbláthanna fiáine atá go fairsing, na tírdhreacha carst aolchloiche, an trá ghainmheach bán ar an taobh ó thuaidh agus meascán leathan nithe stairiúla.
Tá rothair ar cíos le taobh na céibhe, áit a dtagann agus a n-imíonn na báid farantóireachta as. Bíonn rogha maith rothar agus trealamh rothaíochta anseo do dhaoine fásta agus do pháistí.
–
Snámh & Spóirt Uisce
Tá dhá thrá le haitheantas cósta glas in Inis Oírr, ‘An Trá’ agus ‘Trá Pholl na gCaorach’. Breathnaíonn siad níos saibhre fós nuair a fheictear iad trína huiscí gléghlan a ritheann isteach orthu faoi dhó sa ló. Ar laethanta fada samhraidh is aoibhinn le daoine dul ag snámh, ag siúl nó tabhairt faoi spórt uisce ar na tránna seo nó díreach am a chaitheamh orthu ag guairdeall thart.
Is áit mhaith é an t-oileán do thumadóireacht agus snorcláil. Tá níos mó beatha faoin bhfarraige anseo ná atá ar roinnt mhaith de na sceireacha trópaiceacha.
–
Slatiascaireacht
Eagraítear turais speisialta slatiascaireachta freisin ar an oileán. Bhí turasóir anseo cúpla bliain ó shin a raibh tríocha bliain caite aige ag iarraidh breith ar Bhallach Muire agus ar a chéad lá in Inis Oírr nár rug sé ar cheann den charraig! Bhí sé ag éirí ó thalamh ar feadh dhá lá ina dhiaidh!
–
Ag Faire Éanacha
Chuile áit idir spéir agus talamh bíonn éanacha gleoite an oileáin agus an Atlantaigh ag eitilt leo sa ngaoth. Tá breis is 30 speiceas taifeadta, i measc na gceanna comónta agus séasúracha tá cailleacha dubha nó broighill, geabhróga Artacha agus pocairí gaoithe.
–
Flóra & Fána
Ar foscadh sna céadta scalpa agus sna buailte beaga tá éiceachóras saibhir neamhchoitianta flóra agus fána cheantar na Boirne, faoi chlúdach nádúrtha ó aeráid farraige síorathraitheach. Bíonn an meascán is mó bláthanna le feiceáil sa mBealtaine agus i mí an Mheithimh.
–
Gníomhaíochtaí Teaghlaigh
Tá clós spraoi an oileáin liostaithe ar cheann de na deich gclós spraoi is fearr in Éirinn. Tá luascáin, sleamhnáin agus droichid ann agus suíocháin do na tuismitheoirí freisin! Tá rud eicínt ann do chuile dhuine. Scaití tagann dream ar an mbád don lá is gan d’intinn acu ach na páistí a thabhairt ag an gclós spraoi.
–
Main image ©FailteIreland