Cleasathon-Inis Oírr
Bíonn an Cleasathon ann chuile Shatharn Cásca. Míle fáilte romhat é a shiúl nó é a rith. Le heolas breise a fháil agus le clárú: www.cleasathon-inisoirr.info
I measc na n-imeachtaí beidh:
Rás Eachtraíochta 10 míle – Tá sé crua!
Rás Bóthair 13k, ar fud fad bhóithre is róidíní gleoite suaimhneacha an oileáin seo.
Rás Bóthair 7k, tá an cúrsa seo ar thalamh níos cothroime trí bhealaí áille agus róidíní féaracha Inis Oírr.
>> www.cleasathon-inisoirr.info
Fón: +353 (0)99 75979
R-phost: cleasteo@gmail.com
Lá Fhéile an Phatrúin, 14 Meitheamh
Comóirtear patrún an oileáin, Naomh Caomhán, chuile bhliain ar an 14 Meitheamh. Bailíonn oileánaigh, scoláirí an choláiste Gaeilge agus turasóirí le chéile leis an naomh seo ón 10ú haois a chomóradh. Deirtear Aifreann sa reilig áit a bhfuil Teampall Naomh Caomhán agus Leaba Chaomháin.
Bíonn ceol traidisiúnta agus damhsa ar an sean-nós freisin ann.
Le breis eolais a fháil glaoigh ar +353 (0)99 75008
R-phost: ccteo@eircom.net
Cúrsa Sábháilteachta Snámha (Iúil)
Beidh an cúrsa sábháilteachta snámha ar siúl i mbliana ó 23 -27 Iúil 2018. Má tá suim agat an
cúrsa seo a dhéanamh fág d’ainm agus do dháta breithe in oifig an chomharchumainn le do thoil. +353 (0)99 75008
Campa Samhraidh Cúl-Camp (Lúnasa)
Tá Kellogg’s Cúl Camp ar siúl in Inis Oírr i mbliana ón 30 Iúil go dtí 3 Lúnasa. Tá an campa seo oscailte do chailíní agus do bhuachaillí ó aois 6 bliana ar aghaidh. Is féidir áit a chur in áirithe ar an suíomh idir lín www.kellogsculcamps.gaa.ie
Rásaí Currach (Lúnasa)
Bíonn na rásaí curach ann chuile bhliain i mí Lúnasa, mar chomóradh ar an mbád iascaigh a d’úsáid na glúnta oileánach. Bíonn imeachtaí spraoi freisin ann ar an talamh tirim agus neart ceoil agus damhsa sna tithe ósta.
Más spéis leat rásaí, ceol, damhsa nó spraoi don teaghlach uilig tabhair cuairt cúpla lá ar Inis Oírr i mí Lúnasa go bhfeicfidh tú an cultúr agus an oidhreacht áitiúil seo. Is iondúil go mbíonn an fhéile ann ar an dara nó tríú deireadh seachtaine de Lúnasa. Tá an fhéile seo ar siúl ar an 12 Lúnasa i mbliana 2018.
Le breis eolais a fháil glaoigh ar +353 (0)99 75008
R-phost: ccteo@eircom.net
–
Eolas úsáideach do na himeachtaí uilig thuas
>> An bealach le dul go hInis Oírr – sonraí báid farantóireachta