Oileán Sáráilleachta
Lonnaithe ar chiumhais an Atlantaigh tá Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann, oileán le hoidhreacht shaibhir nádúrtha agus cultúrtha.
Tá Inis Oírr le feiceáil go soiléir ó chósta an Chláir. Tá an t-oileán íseal, fíorálainn agus é éasca dul thart ann. Is féidir siúl chomh fada leis an trá agus leis na leaca aolchloiche. Téirigh ag fámaireacht leat timpeall ar réimse mór áiteanna spéisiúla an oileáin agus faigh blaiseadh d’oidhreacht ar leith an Oileáin Árann seo.
Gaeilge a labhraíonn na hoileánaigh. Tá oidhreacht shaibhir acu – agus cuirfear míle fáilte romhatsa.
Tá rud eicínt in Inis Oírr do chuile dhuine – gníomhaíochtaí taobh amuigh, gnéithe seandálaíochta iontacha, oidhreacht chultúrtha fuinniúil, éiceachóras fairsing flóra agus fána, sciamhacht carstach aolchloiche, tránna bána gainimh, agus an ceol agus ceardaíocht traidisiúnta is fearr san Iarthar.