Cleas Crafts
Tá an siopa Cleas Crafts lonnaithe in Áras Éanna. Bíonn sé oscailte Luan go hAoine idir 9r.n. agus 5.30i.n. ar feadh na bliana agus ar na deirí seachtaine sa Samhradh.
www.cleas-teoranta.com R-phost: cleasteo@gmail.com Fón:+353 (0)99 75979
Díoltar táirgí lámhdhéanta in Inis Oírr sa siopa Cleas Crafts, ina measc:
- Crios – beilt sníofa as meascán breá snáthanna daite atá á chaitheamh in Inis Oírr leis na glúnta agus a bhfuil tóir chomh maith na laethanta seo uirthi “leis an tsnaidhm a cheangal” i searmanais phósta
- Curachaí – macasamhail de bháidín traidisiúnta Inis Oírr, tá na curachaí beaga seo múnlaithe mar a dhéantaí i gcónaí iad, agus le fáil i dtrí shaghas difríocht: 55.88cm, 40.64cm agus 30.48cm.
- Rogha maith de chiseáin chruinne sailí, cléibh, crosa Bhríde, sciob, ciseáin siopadóireachta agus rothar, ciseáin do bhláthanna tirime agus luibheanna. Glacann muid orduithe chomh maith.
- Feamainn le n-ithe agus feamainn le síneadh ann, nó mar a thugtar anois orthu glasraí mara, agus feamainn folctha
- Meascán cártaí, grianghraf, leabhar, earraí cniotáilte/fuála/adhmaid le ceardaithe eile as Inis Oírr.
- Glacann muid áirithintí san oifig/siopa do shiúlóidí le grúpaí
- Glacann muid áirithintí san oifig/siopa don tseirbhís áitiúil bus (Síob 087 2298039).
Faoiste Baile Man of Aran
Déanann Eoghan Póil an Faoiste Man of Aran in Inis Oírr. Is iad na hoidis traidisiúnta a bhí á n-úsáid ag na baill teaghlaigh leis na glúnta a úsáideann Eoghan. Tá an seastán faoiste in aice le céibh Inis Oírr agus na trá.
Tá breis is 20 blas difríocht againn, mar sin beidh tú millte ag an rogha! Bain triail as na cinn seo a bhfuil duaiseanna bainte amach acu: Tiger Butter Fudge, Peppermint Chocolate Chip, Strawberries & Cream nó an Baileys Fudge. An-seans go ndéanfaidh tú ar Man of Aran Fudge arís le ruainne eile a fháil.
Eolas faoi uaireanta oscailte agus aon eolas eile breathnaigh ar an leathanach Facebook
Seo é an Scéal
Thosaigh mé ag déanamh cuilteanna phíosála i 1992 nuair a d’iarr mo dheirfiúr orm cuilt a dhéanamh di dá breithlá. Roimh an lá cinniúnach sin, bhí go leor rudaí fuaite agam ó éadaí leanaí go gúnaí páistí ach thóg an cuilteáil mo chroí leis an meascán de phraiticiúileacht,an léiriú ealaíonta agus an ceangal stairiúil le scileanna traidisiúnta na mban i Meiriceá.
Ó bhog mé ó Madison, Wisconsin trí bliana déag ó shin táim ag déanamh cuilteanna i mo stiúideo anseo in Inis Oírr. Bunaithe ar phatrúin thraidisiúnta le aeistéitiúil nua-aimseartha, téann na dathanna, an talamh agus na muirdhreacha go mór i bhfeidhm orm i mo theach nua in Iarthar na hÉireann.
Mary P McCarty
Inis Oírr, Oileáin Árann
085 1699145
Ceardaíocht Adhmaid Nichols
Tá Steve ag obair le hadhmad ó 2001, tráth ar fhág sé an scoil agus 3 bliana déanta i gColáiste Moulton, Northamptonshire, Sasana aige ag staidéar déanamh preasanna agus athchóiriú troscán rud a mhúscail a shuim san adhmadóireacht.
Cúpla bliain ó shin bhog Steve agus a bhean as Sasana chuig an oileán gleoite Inis Oírr (Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe).
Cheannaigh sé a chéad deil i 2009 agus ó shin i leith tá sé ag cur lena cheardlann. Píosaí ar leith a dhéanann Steve bíodh gur vása é, píosa troscáin nó bosca seodra, cibé céard a theastaíonn ón gcustaiméir. Le tuilleadh eolais a fháil faoi obair Steve, faoi na hearraí a dhíolann sé nó le hinspioráid a fháil do bhronntanais breathnaigh ar a leathanach Facebook.
R-phost: nicholswoodcraft@gmail.com
Fón: +353 (0) 831557432
An Ceardshiopa (Craft Shop)
Bíonn an ceardshiopa oscailte sa samhradh ag díol earraí lámhdhéanta lena n-áirítear earraí cniotála Árann agus ceol traidisiúnta Gaelach.
Baile Thiar, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.
Fón: +353 (0)99 75021
R-phost: info@aranwriter.com