Comhábhair traidisiúnta de ghlasraí úra, d’fheoil, bia mara, arán agus cáis traidisiúnta ó sholáthraithe áitiúla
Ag ithe amuigh duit in Inis Oírr ní bheidh aon údar aiféala agat, bíonn an cócaráil anseo ar stíl an Iarthair – comhábhair traidisiúnta le blas áitiúil réitithe i mbealaí nua agus sláintiúla. Bíonn an stíl cócarála seo bunaithe ar chomhábhair traidisiúnta na hÉireann, sin glasraí úra, feoil, iasc na farraige, sliogéisc, aráin agus cáis traidisiúnta ó sholáthraithe áitiúla. Bíonn fataí ar bhiachlár an oileáin i gcónaí, iad i miasa difríocht, ina measc aráin an oileáin a mbíonn an-tóir orthu.
Beidh rogha leathan agat d’áiteanna le n-ithe iontu, i bhfoisceacht siúlóid ghearr de do lóistín, idir bialanna, caifí, tithe tae agus tithe tábhairne traidisiúnta.